heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Turas

--------------------

Siúlóidí Sléibhe

--------------------

Bádóireacht

--------------------

Cur in áirithe

--------------------

eco tours

 

Tá éagsúlacht siúlóidí le haghaidh chuile aoisghrúpa agus ábaltachta. Le linn duit bheith amuigh ag siúl lean treoracha Cúram na Tuaithe le'd thoil.

  • Bain taitneamh as an timpeallacht agus bíodh meas agat uirthi.

  • Cosain an dúlra ar thine.

  • Dún gach geata i do dhiaidh.

  • Coinnigh madaí faoi smacht.

  • Coinnigh le cosáin tríd feirmeacha.

  • Ná déan damáiste do chlaí ná d'fhál.

  • Tabhair do chuid bruscair abhaile leat.

  • Tabhair aire don dúlra, do phlandaí agus do chrainn.

  • Bí aireach ar bhóithre tuaithe.

  • Ná mill foinsí uisce.

N.B. Ní mór a bheith aireach ar na h-ailt. Coinnigh isteach ón imeall.




Frigg spinning the Clouds
Artist unknown

Treallamh Siúlóide a Moltar

Caith bróga oiriúnacha. Moltar buataisí ar thalamh bog. Chomh maith le sin tá éadaí oiriúnacha tábhachtach, mar shampla éadaí uiscedhíonach. Tá sé molta breis éadaí a thabhairt leat, mar fiú nuair atá sé grianmhar bíonn aer na farraige fionnuar. Moltar lón cothaitheach le haghaidh fuinnimh.

Tá na coisithe ar na siúlóide seo ar a gcomhairle féin. Ní ghlacann úinéirí talaimh nó foilsitheoirí an bhróisiúir seo aon fhreagracht as gortú nó damáiste ar bith a tharlaíonn le linn do na siúlóirí na bealaigh seo a shiúl.

Lúb Phort a' Chlóidh - Barr Ailt Treo na Siúlóide

Walking along a cliff edge

Ag fágáil trá Phort a' Chlóidh lean an bóthar ar taobh do láimhe clé agus a ritheann comhthreomhar leis an gcuan ar feadh timpeall 250 m. Tógann sé seo amach ar an gcoimíneach tú. Lean taobh an chuain chomh fada le Teaichín a' Watch a bhí ina áit faire tráth.

Gar do seo tá EIRE 63 leagtha amach ar an talamh le clocha bána i. Uimhir an stáisiúin. Uaidh seo lean an t-alt thar An Dúna iarsma de dhún cinntíre. Tá na Stácaí le feiceáil thart ar dhá mhíle amach uait sa bhfarraige. Lean ort chomh fada le Barr na Binne Buí atá 255 m os cionn leibhéal na farraige agus an pointe is airde sa cheantar. Is fiú am a thógáil anseo chun breathnú timpeall. Ar lá breá is féidir Leithinis an Mhuirthead agus Oileán Acla a fheiceáil siar uait agus sléibhte Dún na nGall soir ó thuaidh.

Ar aghaidh leat chomh fada leis na Príosúin uaimh leathan farraige. Níos fuide siar amach ón gcósta tá Oileán Mionnáin le feiceáil. Coinnigh ort ar bharr ailt ó dheas go Tóin Rinn na nÉan agus uaidh seo soir go Muinéal na Rinne i. leithinis na Rinne Rua. Cas ar dheis amach ar an mbóthar a ritheann ó dheas go dtí an Rinn Rua é fhéin. Bhí stáisiún ag garda an chósta agus teach-báid anseo, a tógadh thart ar 1838.

Fill ar ais an bealach céanna go dtí go shroicheann tú an áit a gceanglaíonn an leithinis leis an mórthír. Tá cosán le feiceáil anseo ar thaobh do láimhe deise. Lean an cosán chomh fada leis an reilig. Is fiú cuairt a thabhairt ar seo.

Ag fagáil na reilige duit, cas ar clé agus coinnigh ort díreach chomh fada leis an acomhal-V ar bharr an chnoic. Coinnigh ar dheis agus lean ort thar an monarchan cniotála agus an t-seanscoil. 200 m níos fuide ar aghaidh tóg an cosán ar do chiotóig, a théann trasna sruthán. Cas ar dheis ag deireadh an chosáin agus coinnigh ort soir ó thuaidh ar feadh 1.5 km, ag trasnú Abhainn na Sí Ruaidhe. Lean ort chomh fada leis an mbóthar portaigh, cas ar dheis agus lean an bóthar go Trá Phort a' Chlóidh. Barúil atá san am agus sa bhfad Fad - 18 km. Airde Iomlán - 255 m Am - 4 uair 40 nóim. Grád - Measartha

Poinntí Suimiúla

Teaichín a' Watch

Tógadh é i rith an Dara Cogadh Domhanda chun súil a choinneáil ar na báid cogaidh amach ón gcósta. Cuireadh fón isteach ann chun teangmháil a dhéanamh leis na gardaí cósta.

Éire 63

D'fhéadfaí é a fheiceáil ón aer. Bhí Éire neamhspleach i rith an chogaidh agus bhíodh fhios ag na píolotaí gur os cionn Éireann a bhí siad ag an bpointe seo.

An Dúna

Tá iarsma de dhúnta cinntíre le fáil ar cuid mhaith den chósta anseo. Tógadh iad sa tréimhse idir Aois an Iarainn (an cúigiú aois R.C.) agus go luath sa Tréimhse Críostaí (an seachtú aois A.D.) De bhrí go raibh uisce timpeall orthu ar trí thaobh thug sé seo cosaint nádúrtha dóibh ó ionsaí agus bhí fál nó balla ar thaobh a' talaimh díobh.

Na Stácaí

Tá cuig cinn acu ann agus tá siad 1.6 billiún bhliain d'aois. Tá na carraigeacha anseo déanta as siostaí den chuid is mó. Tá gaol idir iad seo agus an fhoirmíocht charraige atá le fáil i bPort na nAlbanach ar Leithinis an Mhuirthead, a cuireadh aníos san am céanna. Tá an-cuid agus an-éagsúlacht éanacha mara amuigh orthu.

Barr na Binne Buí

Ag ardú aníos as an mbratphortach tá Barr na Binne Buí atá déanta as grianchloch 'Dalradian'. Tagann an t-ainm ón dath buí atá ar an gcarraig anseo.

Reilig Cill a' Ghallagáin

Tá leacht mór suite i gcúinne na reilige. De réir traidisiún agus béaloideas na háite tá Naomh Gallagán (naomh áitiúil) curtha anseo. Fuarathas leac le cros Málta air ar bhárr an leachta, a thugann le tuiscint go dtéann sé siar go dtí luath sa tréimhse Críostaí.

Lúb an Chorráin Bhuí - Siúlóid Trá

Treo na Siúlóide

Walkers discussing their route

Ag tosnú ag an tseanscoil i gCeathrú Thaidhg tóg an bóthar soir uait ag tarraingt ar an tsiopa. Ag dul thar an siopa iompaigh ar dheis agus coinnigh ort ar do chiotóg go deireadh an bhóthair tarra. Tá an-cuid sean-iomairí fataí le feiceáil ar do dheasóg, cuimhneachán ar an am atá caite nuair bé an fata an príomh bhia a bhí ag na daoine. Chomh maith le sin, ar do dheasóg tabhair faoi deara roinnt straidhp de thalamh curaíochta, gan sconsa atá ag rith síos i dtreo na farraige siar ó dheas. Seo é an córas rondála nó an córas páirceanna neamhfhálaithe a cleachtaitear fós anseo. Má bhreathnaíonn tú siar uait i dtreo Ceathrú na gCloch agus Cill a' Ghallagáin tá a mhalairt le feiceáil i. roinnt stiall de pháirceanna druidte. Tá an córas gur le gach uinéir a ghabháltas féin in uachtar anseo in áit an chóras rondála.

Iompaigh ar clé agus lean ort go bárr Cnoc a' Ghairtéil 156 m ar airde. Tá radharc álainn uaidh seo ar an dtimpeallacht. Tabhair faoi deara leacht ollmhór déanta de clocha leagtha amach ar an talamh siar uait. Seo é dealbhóireacht 'Caocháin'.

Uaigh seo coinnigh ort soir ó dheas i dtreo an tsean-séipéal agus ansin siar ó dheas i dtreo an chalaidh. Lean an trá ar do dheasóg ar feadh 1 km. Tá sean-lonnaíocht thart ar 200 m ón dtrá.

Ar aghaidh leat ag leanúint na trá go shroicheann tú cosán. Iompaigh ar dheis agus lean ort thar an Reilig chomh fada leis an mbóthar. Lean an bóthar díreach ar aghaidh (ag tabhairt faoi deara leacht Caochán i ngar duit ar do chiotóg) chomh fada leis an acomhal - V.

Iompaigh ar dheis anseo agus tugann sé seo ar ais chuig an tseanscoil tú. N.B. Tá stádas "machairí" ag Cnoc a' Ghairtéil agus na biollaí mórthimpeall. Talamh féarach cothrom, socair, ar na biollaí gainimh agus thart orthu atá ins na "machairí". Tá tábhacht mór eolaíochta leis na machairí anois. Caomhnaíodh iad san áit nár athraigh na gnása traidisiúnta talamhaíochta. Is in Albain ar dtús do rinneadh staidear ar an gcineál seo gnáthóg; agus dá bhrí sin an téarmaíocht, agus tá sé le fáil in Éirinn ó Ghaillimh go Dún na nGall.

Barúil atá san am agus sa bhfad Fad - 9 km. Airde Iomlán - 50m. Am - 2 uair 10 nóim. Grád - Easca

Na Poinntí Suimiúla

Sean-iomairí

Baineadh na sean-iomairí seo ( a théann siar go dtí aimsir an Ghorta 1845 agus níos luaithe) le spád. Níor baineadh an fód nó an chréafóg faoin iomaire é fhéin chor ar bith, ach gearradh fóid ar gach aon taobh de agus rinneadh feirbín nó díog ar na taobhanna ar an gcaoi seo. Ansin leagadh na fóid, an taobh glas síos ar an iomaire. Bhí an tiomaire 5 tr. agus an feirbín 1.5 tr. ar leithead ar an mean. Cuireadh na fataí síol nó síol coirce sna hiomairí ansin. De gnáth ritheann siad comhtreomhar leis an bhfána, mar a tharlaíonn anseo.

An Córas Rondála

Talamh féarach faoi choimín atá ann. De bhrí go bhfuil sé oscailte, baintear na h-ainmhithe de sa tséasúr fáis. Nuair atá an féar agus na barraí uilig bainte, ligtear do na h-ainmhithe bheith ag fánaíocht arís. In áiteanna eile bé Coimisiún na Talún ba chúis le meath an choras rondála, tré roinnt agus ath-dháiliú an talaimh, go háirithe idir 1922 agus 1935. Tá sé seo le feiceáil sna bailte fearann atá timpeall.

An Sean-séipéal

Tá sé seo marcáilte ar mhapa atá ag dul siar go dtí an bhliain 1812. Bhí díon tuí air i dtosach agus ansin cuireadh díon d¹iarann rocach air. Bhí an t¹altóir déanta as adhmad agus ní raibh suíochán ar bith ann. Le linn gála mór i 1911 séideadh an díon de agus rinneadh an-damáiste do na ballaí. Go luath ina dhiaidh sin tógadh séipéal nua i nGreanaí, a osclaíodh i 1914.

An t-Sean - Lonnaíocht

Tá sé marcáilte ar an mapa O.S. 1920. Tithe simplí, ciorcalach a bhí anseo, iad tógtha le clocha agus créafóg nó cleathóg. Tá cairn bruscair ina bhfuil éagsúlacht sliogán le feiceáil chomh maith. De bhrí go bhfuil an-chuid sean- iomairí anseo, tugann sé le fios dúinn go raibh an talamh atá clúdaithe le gaineamh inniú, an-torthúil tráth. Tréigeadh na lonnaíochta seo ar shon suíomh níos foscúla níos fuide isteach ón gcósta.

An Dealbhóireacht Caochán

Cuid den Chosán Dealbhóirachta 'Tír Sáile' a shíneann ar feadh cósta thuaisceart Mhaigh Eo. Tionscnamh é 'Tír Sáile' ag chomóradh 5000 bliain de lonnaíocht i Mhaigh Eo. Figiúr miotasach áitiúl é Caochán.


pb development