heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail
 

about us

Eiceathurasóireacht: glaonn Croí na hÉireann amach…

Bhí tionchar sách mór ag an sibhialtacht Cheilteach, agus fós ag Éirinn Ghaeleach, ar soiché na hEorpa, san am ‘schuaigh thart.  Go mórmhór sa bhFrainnc is sa Ghearmáin, tá go leor daoine ar an eolas maidir lenár gcuid nascannana stairliúla leobhtha.  Is amhlaidh go dtéann oidhreacht mhór na hÉireann siar, gan bhriseadh, ar faidh na mílte bliain.  Is leo í, sa chéad áit, a bhfuil an Gaelachas acu go nádúrtha ina saol laethiúil, .i. iad siúd a labhraíos an Ghaeilge.

Leath an scéil taobh thiar an tsuímh idirlín seo iad, na gníomhaíochtaí breátha ceannródaíochta eiceathurasóireachta.  ‘Sé an fíor-chairdeas a mhothóchaidh cuairteoirí i dteannta le pobal ar imeall chósta iarthar na hEorpa an chuid eile de.  Is annsin is féidir na sean-cheangail le croí na hÉireann a athdhéanamh.  Cinnte, ba mhian le héinne, cuma cé’n cultúr a mbeadh aige, teacht lena fheiceáil conas a oibríos an fhiontraíocht shóisialta seo.
Tráth dá raibh, ba chuid den tsaol laethiúil iad, na gníomhaíochtaí a nglacfaidh tú páirt iontu.  Agus b’iontach leat conas ar mhair an cine daonna chomh maith san i gcomhréir leis an nádúr.
 

 

Teachtaireacht Inbhuanaitheachta dár gCuid agus dár gCuideachtain


1/2/2010: Ag pilleadh díbh ar bhur mbaile, beir libh ár dteachtaireacht shimplí.

1] Caithfear an t-oll-mhéad domhanda de bhreoslaí iontaise a dóitear gach bhliain a theorannú.  Gan tsrian mar seo, cuidíonn an teanga shaor le tuil na bpolaiteoirí is lucht na tráchtála amháin.


2] Is gá an aeráid (chomh fada agus is féidir), úsáid achmhainní nádúrtha agus béim na bhfachtóirí a bhfuil tionchar acu ar a n-ídiú san, a bhainnistiú.

3] Caithfidh módhanna rialachais céim chun tosaigh a ghlacadh.  Le fadbhreathnaitheacht agus le hoscailteacht, caithfidh structúir úra deireadh a chur, go soiléir do ‘chuile dhuine, le pribhléidí agus le hiompar míchuí scothaicmí.  

 

 Na Comhluadair Bheo – i gCroí-lár na hÉireann

Eagras deonach é Na Comhluadair Bheo, a oibríos ar mhaithe le pobal beag tuaithe i gCeathrú Thaidhg, Co. Mhuigheo.  Cabhraíonn buíon daoine ó thíortha éagsúla, le hard-scileanna acu, leis an oibir ar bhonn deonach.

Gidh go bhfuil saol cruaidh ag muinntir na háite, coinníonn siad slán an cultúr iontach Gaelach.  Brainse é seo den mór-chultúr Cheilteach a choinnigh beocht agus beatha i lár na hEorpa, suas go ré na Róimhe.  Ar ndóchaidh, bhí tioncar nach beag ag na Ceiltigh ar na fórsaí a ndeachaigh i gcion, le himeacht na haimsire, ar chumadh na siabhialtachta.

Go ginearálta, creideann Na Comhluadair Bheo gur féidir le cultúir éagsúla iad féin a neartú, tré idirghabáil shóisialta, dílseacht don reiligiún agus don oideachas traidisiúnta agus tré ghnó a chothú chun bochtanas a laghdú.

Leis na cianta, b’ionad mór léinn í Eire san Eoraip.  Toisc gur oileán beag a bhí ann, gan achmhainní iarainn i gcóir déantús armra, chuir ríomh na staire deireadh le hÉirinn, mar ghníomhaire Eorpach, agus deireadh le hÉirinn í féin, fiú.

Gnéith shuntasach na nÉireannach is sea an athléimneacht.  I dtír atá anois galldúda, maireann an Ghaeltacht go fóill, i gcomhphobail iargúlta scaipthe óna chéile.  Creideann Na Comhluadair Bheo to bhfuil seasamh ar leith i mbeatha an lae inniu ag an nGaelachas agus ag na luacha arda a luaitear leis.

 

pic

pic

Bíonn geileagar de dhíobháil ar chultúr le haghaidh maireachtála.  Ag margaíocht eiceathurasóireacht Mhuigheo dúinn, in áiteachaibh ar an Mór-roinn ina bhfuil cuimhní chinn ag daoine ar Éirinn Ghaelaigh agus ar Nósanna Ceilteacha, is féidir linn seirbhís idirnáisiúnta trádálaithe a fhorbairt.  Téann ár nascanna leis na Gearmáinigh siar go tús ama na nInd-Eorpach, agus nascanna leis na Franncaigh siar go dtí an aimsir stairiúil is na heachtraí míleata a bhí againn leobhtha.

Ins an spiorad fiontair seo, cuirimid fáilte go hÉirinn roimh Lucht Labhartha na Frainncise agus roimh Lucht Labhartha na Gearmáinise, ionas go bhfeicfidh siad sinn mar atá, go dtuigfifh siad an scéal mar a bhí agus gur féidir leo sinn a shamhlú mar a bheas, le cuideadh Dé.


pb development