heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Réamhrá

--------------------

Nósanna
Gaelacha


--------------------

Siúlóidí Sléibhe

--------------------

Bádóireacht

--------------------

Cur in áirithe

--------------------


eco tours


Pacáiste 1: Siúlóidí Sléibhe

Tabharfar an grúpa ar shiúlóidí sléibhe i gceanntar Dhún Chaocháin in iarthuaisceart Mhuigheo.  Feicfear gnéithe amhra tírdhreacha a insíos stair a mhuinntir.  Níl beanna arda le sárú.  Is féidir siúlóidí a roghnú ó leabhrán nó is féidir treoraí, a bhfuil taithí aige, an bealach cuí a mholadh.

Tá an pacáiste seacht lá cuimsitheach agus clúdaíonn an costas na rudaí a leanas:

1. seomra codlata i dteach Gaelach, béilí - bricfeasta, lón (pacáilte nó sa teach) is béile tráthnóna;

pic

2. trí lá ag siúl na sléibhe i dteannta an treoraí (10rn – 5 in);

3. cuairt ar Cheárta Inneonach, ar Ionad Oidhreachta Deirbhile is ar Iarsmalann de Shaol na Tuaithe (Caisleán a’ Bharra); agus

4. bheith i láthair ag ceardlann Damhsa Seit, ceardlann Ceardaíochta (déanamh Ime, Ábhar Tuí 7rl) agus ceardlann Ceoil is Amhránaíochta.

Clúdaíonn an pacáiste bailiú agus filleadh ar stáisiún traenach (nuair is gá) agus turasanna ar ionaid chuairteora.


pb development