heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Réamhrá

--------------------

Nósanna
Gaelacha


--------------------

Siúlóidí Sléibhe

--------------------

Bádóireacht

--------------------

Cur in áirithe

--------------------


Eiceathuras ar Leith

Grúpa saorálaithe cheannródaíochta é, na Na Comhluadair Bheo, a chreideas gur bunúsach é cultúr láidir do shochaí láidir. Ceiliúraimid na hardphointe den chultúr Ghaelach, Franncach agus Gearmánach – a bhí comhcheangailte go dlúth sa tsean-am.   

Is féidir libh bheith páirteach sa bhfeachtas - tré eiceathurasóireacht. Taistealóidh sibh i mbus, le cuairt a thabhairt ortha a chosnaíonn ár nósanna Ceilteacha. Feicfidh sibh Éire thraidisiúnta mar atá sí. Níor imigh sí go léir le sruth faoi fhoirgnimh ghloine, coincréite agus fórsaí an lae iniu.

Ar an gcéad lá díbh, feicfidh sibh an Leabhar Cheanannais agus iarsmaí Lochlannacha i mBaile Átha Cliath, Dubh Linn a tugtaí air, tráth. Ansin imeoidh sibh go hiarthuaisceart gan teimheal Mhuigheo. Cuireann a stair iontas ar daoine agus an nádúr ann faoi dhraíocht iad. Ní hamháin go mbainfidh sibh taitneamh as an saoire: athróidh sé sibh.

An lá arna bhárach feicfidh sibh, in Iarsmalann Shaol na Tuaithe i gCaisleán a’ Bharra, conas ar mhair na daoine, sul má úsáideadh breoslaí iontaise i ndéantúsaíocht. Is breá le turasóiri bheith páirteach i gceardlanna thorthaí caoladóireachta, tuirní agus éadach an ama ‘schuaigh thart. Is maith leo fosta an ceárta inneonach a fheiceáil. Tabharfaidh sibh d’agaidh ar sean-stáisiún traenach, a tógadh sa bhliain 1894, áit a fhoghlaimeoidh sibh conas mar a bhí an saol, d’éis a’ Ghorta Mhóir (1845-7 AD), agus conas ar eascraigh agóidí arís, maidir le húinéireacht talún.

Ar an tríú lá, feicfidh sibh Áras Inis Cua. Deirtear gurb é an ‘t-Áras Mór’ deireannach sa cheanntar – sin teideal thithe na dTiarnaí Talún, le linn an drochshaoil. Tá radharc álainn ar Loch Con, suite in ísealchríoch breá, clúdaithe le crainn. Ní dheinfidh sibh dearmad choíche ar an turas báid. Ansin - ardphointe bhur  dturais – cuairt ar chomhluadar lán-Ghaelach a mhairíos ar phortach ollmhór na Condae. Glacaigí páirt i nósanna feirmeoireachta eiceachairdiúla. Tá eolas ar leith, ar ndóchaidh, ag Lucht Labhartha na Gaeilge ar stair shóisialta na hÉireann. Anseo, ina mbailte féin, beidh sé ar a gcumas, mar a b’fháil leo, ‘Céad míle Fáilte’ a thabhairt do Lucht Labhartha na Frainncise agus na Gearmáinise. Caithfidh sibh an oíche i dteannta chlainne fhíor-Ghaelaí. Tá a gcultúr ann le 5,500 bliain anuas agus go leor aige le tairiscint. Ní dheinfidh sibh cuairt mar seo in aon áit eile ar domhan. Á hathchuimhniú díbh, leathfaidh sibh ár dteachtaireacht ar mheas a thaisbeáint donár mbráithre agus dár bpláinéad.

Ar an gceathrú lá, taistealóidh sibh go Cruach Phádraig, aít a deintear oilithreacht inti ‘achan bhliain, in ónóir dár bPátrún náisiúnta. Rinne sé troscadh daichead lá, i 441 i.Ch., ar an mullach. Tá dún Ceilteach ansin agus airegeal Críostaí, de chloich thirim, ó c600 i.Ch..  Tá radharcanna fíor-áile síos ar Chuan Mó. Caithfidh sibh an oíche sin athuair le bhur gcuid carad nua Gaelach.

Ar an lá deireannach, feicfidh sibh bothán umhal i mBaile na Cora. Toisc nár fhéad siad an chíos a íoc, díshealbhaíodh clann naonúir den bhothán agus dena gcuid talún, i 1886, ag gníomhairí an Tiarna Talún. Fá’n am seo, bhí an fhine Ghael gan chosaint a haicme uasal le ní ba mhó ná céad bliain. Go minic rachadh daoine bochta go dtí an tÓileán Úr, áit ar chuidigh siad le sochaí úr a bhunú, in raibh siad lán-rannpháirteach. Le súil siar ar stair anseo, tá prionbsabal maith le haithint ‘treise in am chruatain’. Tabharfar ar ais go dtí an t-óstan i mBaile Átha Cliath sibh an lá seo, fá choinne na hoíche deireannaí dhíbh ar an Oileán Glas.

 

 

 

 

pb development