heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Stair agus Cultur

--------------------

Danlann

--------------------

header

D’eagraigh an Grúpa Gníomhaíochta Pobail R312 roinnt cruinnithe i rith an tsamhridh chun straitéis agus feachtas a chur ar bun sa gcaoi is go bhfeabhsófaí an bóthar idir Iorras agus Caisleán a’ Bharraigh.  Tá os cionn 5000 sínithe bailithe go dáta ag séipéil, siopaí, oifigí poist &rl. agus cuireadh litreacha amach chuig eagraisí forbartha agus gnónna ag tabhairt cuireadh dóibh a dtuairimí faoin mbóthar a chur ar pháipéar.  Ag an gcruinniú deiridh in Óstán an Broadhaven Bay ar an 26ú Meitheamh ainmníodh oifigí an choiste mar seo leanas:- Terence Ó Conbhuí (Cathaoirleach), Treasa Ní Ghearraigh (Runaí), Rose Breathnach (Cisteoir) agus Angela Ní hÓdhráin (Oifigeach Caidrimh Poiblí).  Rinne an coiste achainí ag cruinniú parlaiminteach Fianna Fáil in Óstán Chathair na Mart ar an 4ú Meán Fómhair agus bhí deis acu an t-ábhar a phlé leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cúiv.  Tá sé beartaithe go mbualfadh toscaireacht ón gceantar leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil Dick Roche chun achainí a thabhairt dó amach anseo.    Tionólfar an chéad chruinniú eile den choiste in Óstán an Broadhaven Bay ar an 25ú Meán Fómhair ag 8.30 i.n.

The R312 Community Action Group organized a number of meetings during the summer to formalise a plan to campaign for the necessary funding needed to upgrade the road between Erris and Castlebar.  Over 5000 signatures have been collected to date at churches, shops, post offices etc. Letters were also forwarded to development agencies and businesses inviting them to make a written submission to the group outlining how the current condition of the road effects them.  At a recent meeting in the Broadhaven Bay Hotel on 26th June the following committee officers were elected:- Terence Ó Conbhuí (Chairperson), Treasa Ní Ghearraigh (Secretary), Rose Conway Walsh (Treasurer) and Angela Horan (PRO).  The committee handed in a petition at the Fianna Fáil parliamentary party meeting at Hotel Westport on September 4th and also had an opportunity to discuss the matter with the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs Éamonn Ó Cúiv.  It is planned that a delegation will also meet with the Minister for the Environment, Heritage and Local Government Dick Roche at a later date.  The next meeting of the committee will be held in the Broadhaven Bay Hotel on 25th September at 8.30 p.m. 

 

Members of the R312 Community Action Group staging a protest at the entrance to Hotel Westport where Fianna Fáil were holding their September Parliamentary Party meeting ó chlé: Uinsíonn Mac Graith, Treasa Ní Ghearraigh (runaí), Angela Horan (PRO), Terence Conway (cathaoirleach) and Independent T.D. Dr Jerry Cowley.  (Photo: © Michael Donnelly)

TURAS NA GAELTACHTA / PRIDE OF PLACE 2006

Bhí slua maith bailithe i dTeach Iorrais, Gaoth Sáile ar an 30ú Meithimh seo caite nuair a thug triúr mholtóir ón chomórtas uile-Éireann Pride of Place cuairt ar an áit chun moltóireacht a dhéanamh ar iarratas Turas na Gaeltachta.  Chuir fear an tí Pat Cafferky fáilte Uí Cheallaigh roimh na moltóirí agus taispeánadh fís a bhí curtha le chéile go speisialta don ocáid ag Éamon O’ Boyle.  Tugadh cuireadh do na moltóirí, i gcomhluadar Treasa Ní Ghearraigh, breathnú ar na taispeántais agus labhairt le hionadaithe ó na grúpaí pobail éagsúla in Iorras, a chuir in iúl dóibh a thábhachtaí is a bhí Turas na Gaeltachta agus a gceantar féin dóibh. 

Conair oidhreachta é Turas na Gaeltachta ina bhfuil ceithre chlár eolais turasóireachta agus fiche scaipthe ar fud Ghaeltacht Iorrais.  Tá sé furasta na cláranna a aithint mar gheall ar an díon os a gcionn, a thugann an tobar traidisiúnta chun chuimhne, agus go deimhin is tobar eolais atá iontu do chuairteoirí agus muintir na háite araon.  Déanann na cláranna dhá-theangacha seo cuir síos ar chultúr, oidhreacht, litríocht, sheandalaíocht, bhéaloideas agus stair na háite agus cuirtear eolas ar fáil maidir le seirbhísí/áiseanna áitiúla.  Tá an t-eolas seo nasctha le léaráidí bríomhara ildaite a théann go mór i bhfeidhm ar an duine atá ag dearcadh orthu.  Is cuid den turas chomh maith Tír Sáile, conair dealbhóireachta de fiche dhealbh tíre atá suite ar feadh chósta thaibhsiúil Mhaigh Eo thuaidh.  Beidh cláranna móra, a léiríonn an chonair uilig, suite ag Achadha Chéide, Beannchar, Béal Átha Chomhraic agus ag acomhal Acla/Mala Raithní.

Ba é grúpa oibre turasóireachta déanta suas de Chomhar Dún Chaocháin Teo, Chomhairle Chondae Mhaigh Eo agus Údarás na Gaeltachta a chuir tús le Turas na Gaeltachta.  Fuair an togra maoiniú ó GhaelSaoire, Chomhairle Chondae Mhaigh Eo agus ó Údarás na Gaeltachta.  Fógrófar torthaí an chomórtais i gCeatharlach Dé Sathairn an 14ú Deireadh Fómhair 06.

Rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cúiv seoladh oifigiúil ar chonair Thuras na Gaeltachta agus ar an mbróisiúr lán-daite a théann leis in Óstán an Broadhaven Bay ar an 4ú Meán Fómhair.  I measc na n-aoichainteoirí bhí Tadhg Ó Cuinn agus Ian Mac Aindriú (baill tofa Údarás na Gaeltachta), Peter Hynes (Comhairle Chondae Mhaigh Eo) agus Bertie Ó Finneadha (GaelSaoire).  Thug an tAire aitheantas don obair mhór atá ar bun ag an gcomharchumann agus duirt sé gur eiseamláir a bhí sa togra go bhféadfaí a leathnú amach go dtí Gaeltachtaí eile. 

Teach Iorrais, Gaoth Sáile was a hive of activity on June 30th last when three adjudicators from the All-Ireland Pride of Place competition were in attendance to judge the Turas na Gaeltachta entry.  The proceedings commenced with a warm welcome to the judges from fear an tí Pat Cafferky and a viewing of a video specially produced for the occasion by Eamon O’ Boyle.  The judges were then invited to join Treasa Ní Ghearraigh  as she took them on a tour of the exhibits and introduced them to representatives from the various community groups in Erris, who were given an opportunity to explain to the judges what Turas na Gaeltachta and their own place meant to them.  

Turas na Gaeltachta (The Gaeltacht Journey) is a heritage trail featuring twenty four theme-specific tourist information boards dotted throughout the Iorras Gaeltacht, an area characterised by its unspoiled rugged landscape and outstanding beauty.  Instantly recognisable by their overhead canopy the signs have been designed to evoke memories of the traditional well, and indeed are a well or source of information for visitors and locals alike.  The bi-lingual boards describe the area’s culture, heritage, literature, archaeology, folklore, local history etc., which when combined with innovative graphics, have a very positive impact.  They also provide information on what services/amenities are available in a given area.  An integral part of the journey is Tír Sáile, a sculpture trail of 20 site-specific sculptures dotted along the spectacular North Mayo coastline.  Gateway boards, showing the overall trail, will be located at Céide Fields, Bellacorick, Bangor and at the Achill/Mulranny junction. 

Turas na Gaeltachta was initiated by a tourist working group comprising of Comhar Dún Chaocháin Teo, Mayo County Council and Udarás na Gaeltachta.  The project was jointly funded by GaelSaoire, Mayo County Council and Udarás na Gaeltachta.  We eagerly await the results of the competition which will be announced in Carlow on Saturday 14th October. 

Éamonn Ó Cúiv, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs officially launched the Turas na Gaeltachta trail and its accompanying brochure in the Broadhaven Bay Hotel on 4th September last.  Among the guest speakers were Tadhg Ó Cuinn and Ian Mac Aindriú (elected members of Údarás na Gaeltachta), Peter Hynes (Mayo County Council) and Bertie Ó Finneadha (GaelSaoire).  The Minister acknowledged the immense work undertaken by the co-op and stated that this project was a model which could be extended to other Gaeltacht areas.  

 

 

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cúiv ag seoladh Turas na Gaeltachta (griangraf – Uinsionn Mac Graith)

 

 

CÉAD MOLADH DON TRÍONÓID

Rinneadh seoladh oifigiúil ar dhlúthdhiosca nua “Céad Moladh don Tríonóid” sa Seanscoil tar éis aifrinn speisialta i Séipéal Mhuire Gan Smál ar an 23ú Meitheamh.  Bailiúchán de cheithre iomann déag atá sa dhlúthdhiosca seo atá curtha le chéile go fíor snasta.  “Iad siúd a bhfuil sé d’áth orthu eolas agus aithne a bheith acu ar cheantar álainn Dhú Caocháin in Iorras agus ar na daoine dóighiúla a bhfuil cónaí orthu ann, cuirfidh an díolaim seo de ghlórthaí cinn agus de cheol Chór Cheathrú Thaidhg gliondar ar a gcroí.  Is méanar don phobal áitiúil a mbíonn se de phribhléid aige an tAifreann a éisteacht ó Dhomhnach go Domhnach i Séipéal Mhuire Gan Smál i gcomhluadar an chóir seo.  Is breá amach an deis a thugann eisiúint an dlúthdhiosca seo anois don saol mór blaiseadh den dúchas ceolmhar creidimh seo agus rannpháirtíocht ionadach a ghlacadh ann.” (Séamas Ó Catháin, Coláiste na hOllscoile BÁC)

Tá creidiúint mhór ag dul do bhaill an chóir Méav Uí Ghallchóir, Caitlín Uí Mhuineacháin, Eibhlín Uí Bhroin, Pauline Carolan, Ciara Ní Mhurchú, Emma Ní Dhochartaigh, Leiona de Búrca, Éilis Ní Ghamhnáin, Vanessa Ní Ghearbháin, Marina Ní Thaidhg, Eléin Ní Ghearbháin, Rachel Ní Ghamhnáin agus Ciara Ní Ghearbháin as an éacht atá déanta acu.

Sé Údarás na Gaeltachta a rinne urraíocht ar an táirge breá seo agus tá na fáltais ag dul i dtreo chiste paróiste Chill Chomáin.  Tuilleadh eolais le fáil ó meavgallchoir@oceanfree.net

A new cd entitled “Céad Moladh don Tríonóid” was officially launched in the Seanscoil following a special Mass in Séipéal Mhuire Gan Smál on June 23rd.  The cd features a collection of fourteen well-known hymns which are compiled to a very high standard.  Those who attend Sunday Mass in Ceathrú Thaidhg will be familiar with the performance of the excellent choir and here is a chance to enjoy their singing in the comfort of your own home.  We commend the members of the choir Méav Uí Ghallchóir, Caitlín Uí Mhuineacháin, Eibhlín Uí Bhroin, Pauline Carolan, Ciara Ní Mhurchú, Emma Ní Dhochartaigh, Leiona de Búrca, Éilis Ní Ghamhnáin, Vanessa Ní Ghearbháin, Marina Ní Thaidhg, Eléin Ní Ghearbháin, Rachel Ní Ghamhnáin and Ciara Ní Ghearbháin on their fine achievement.

The cd is sponsored by Údarás na Gaeltachta with proceeds going towards the Cill Chomáin parish fund.  Further information is available from meavgallchoir@oceanfree.net

IMEACHTAÍ ÓIGE / YOUTH ACTIVITIES

Óige na Gaeltachta Teo

Ag éirí as moltaí Ógshaothar (staidéar ar ógsheirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta agus ar riachtanais agus éilimh dhaoine óga) tá struchtúr nua don óige sa Ghaeltacht i. Óige na Gaeltachta Teo bunaithe ag Údarás na Gaeltachta.   Tá Nóirín Uí Dhonnacha ceaptha mar oifigeach óige Chonnacht/Laighean agus is féidir teangmháil a dhéanamh léi ag 091 506014 nó 087 6187280

Following the recommendations of Ógshaothar (a report on Irish youth services and on the requirements of young people) Údarás na Gaeltachta has established a new structure for youth in the Gaeltacht i.e. Óige na Gaeltachta Teo.  Nóirín Uí Dhonnacha has been appointed youth officer for the Connacht/Leinster region and can be contacted at 091 506014 or 087 6187280.   

Campaí Samhraidh / Summer Camps

Le cúpla bliain anuas tá coiste Campaí Samhraidh Iorrais ag reáchtáil campaí samhraidh ar fud cheantar Iorrais.  An aidhm atá leis na campaí, atá dírithe ar pháistí san aoisghrúpa ó sheacht mbliana d’aois go dá bhliain déag d’aois, ná iad a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt agus dul i dtaithí ar í a úsáid lena chéile i dtimpeallacht thaitneamhach.  I measc na n-imeachtaí spraoiúil a eagraítear bíonn gníomhachtaí éagsúla spórt, ealaíon, ceardaíocht, damhsa traidisiúnta, amhranaíocht, cluichí boird agus biongó.  Faigheann an coiste maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi Scéim na gCampaí Samhraidh d’Aos Óg na Gaeltachta.  Eagraíodh campa i gCeathrú Thaidhg, san Inbhear agus ag Barr na Trá i rith míonna an tSamhridh.

In recent years the committee of Campaí Samhraidh Iorrais have organised summer camps throughout the Erris area.  The aim of the camps, which are targeted at children in the seven to twelve year age group, is to encourage them to speak Irish in an enjoyable environment.  Activities include various sports, art, crafts, traditional dancing, singing, board games and bingo.  The committee receives funding from The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs under the scheme Scéim na gCampaí Samhraidh d’Aos Óg na Gaeltachta.  Camps were organised in Ceathrú Thaidhg, Inbhear and Barr na Trá during the summer months.  

Cinnirí agus páistí ag Campa Samhraidh Barr na Trá i mí Iúil seo caite (griangraf - Uinsíonn Mac Graith)

Coláiste Samhraidh Cheathrú Thaidhg / Ceathrú Thaidhg Irish Summer College

Tagann scolairí ó chuile cheard den tír chuig Coláiste Samhraidh Cheathrú Thaidhg le Gaeilge a fhoghlaim.  Dá chúrsa a bhí ann arís i mbliana – ceann i mí Iúil agus ceann i mí Lúnasa.  Tá súil againn gur bhain na daoine óga sult as an t-am a chaith said linn agus go mbainfidh said tairbhe as an gcúrsa.

Students from all over the country attend Ceathrú Thaidhg Irish Summer College to learn Irish.  Two courses were held again this year – one in July and one in August.  We hope the young people enjoyed their stay in the area and that they benefited from the course.

Campa Oibre Chomhluadar / Youth Work Camp

Reachtáladh campa oibre Chomhluadar, tionscnamh sainiúil sóisialta agus cultúrtha, i gCeathrú Thaidhg idir an 16ú agus an 21ú Meitheamh seo caite.  Is í Gluaiseacht na gComhluadar Beo, Cumann Naomh Uinsíonn de Pól agus Comhar Dún Chaocháin Teo a rinne forbairt agus bainistiú ar an tionscadal, a tharraing le chéile triúr ógánach ó lár chathair Bhaile Átha Cliath agus ceathrar ógánach áitiúil.  D’fhan ógánaigh Bhaile Átha Cliath, a bhfuil gach duine acu ag freastal ar Ghaelscoil Choláiste Mhuire, i dtithe áitiúla lán-Ghaelacha le linn an champa.  Thug clár imeachtaí seachtaine, ina raibh oibreacha athnuachana timpeallachta maraon le himeachtaí sóisialta agus cultúrtha, deis do na rannpháirtithe scileanna éagsúla mar obair foirne, ceannaireacht agus scileanna cinneacha a fhorbairt.  Seo é an dara bhliain as a chéile a reachtáileadh an campa oibre óige seo.

The Comhluadar workcamp, an innovative social and cultural initiative, was held in Ceathrú Thaidhg between the 16th and 21st June last.  Developed and managed by The Living Communities Movement, the St. Vincent de Paul Society and Comhar Dún Chaocháin Teo the project formed a cultural liaison between three youths from inner-city Dublin and four local youths.  The Dublin youths, all of whom attend Gaelscoil Coláiste Mhuire, stayed with local Irish-speaking families for the duration of the workcamp.  A week-long programme of activity, combining environmental enhancement works with social and cultural activities, gave the young people participating on the scheme an opportunity to develop various skills including team-building, leadership and decision-making skills.  This marks the second year of operation for this unique youth work camp.

Ó chlé: Micheál Ó Dochartaigh, Seán Ó Murchú, Matthew de Búrca, Pádraig Ó Dochartaigh (eagraí agus ceannaire áitiúil), Seosamh Ó Gearbháin, Liam Réamonn (Cumann Naomh Eoin na Croise), Craig Ó Ciardubhain, Treasa Ní Ghearraigh (Bainisteoir Chomhar Dún Chaocháin Teo), Ross Mac Oirghialla agus Daryl Mac Oirghialla.  (griangraf - Uinsíonn Mac Graith)

 

CÚRSAÍ OILIÚNA / TRAINING COURSES

Cúrsa Ullmhú Bia / Food Preparation Course

Tá MFG i gcomhar le FÁS agus Comhar Dún Chaocháin Teo ag reáchtáil Cúrsa Ullmhú Bia faoi láthair.  Tá an cúrsa seo dírithe ar mhná tí a choinníonn scolairí le haghaidh an Choláiste Samhraidh, daoine atá ag plé le cúrsaí turasóireachta nó duine ar bith a bhfuil spéis aici/aige sa chócaireacht.  Clúdaíonn an cúrsa cócaireacht phraiticiúil, pleanáil biachlár, cócaireacht do ghrúpaí, roghanna sláintiúla, glaineacht, smachtú buiséid, costasú bia &rl. agus bronnfar teastas FETAC leibhéal 5 orthu siúd a n-éiríonn leo. 

Beidh an cúrsa ag tosnú i Scoil Naomh Breandáin, Béal an Mhuirthead ar an gCéadaoin an 6ú Meán Fómhair ag 8.00 i.n. Tá táille de €35 le níoc ar an gcéad oíche a chlúdaíonn costaisí teagaisc agus ábhar. Cuirfear córas taistil go dtí agus ar ais ón ionad ar fáil chomh maith. 

MFG in association with FÁS and Comhar Dún Chaocháin Teo are currently organising a Food Preparation Course.  The course is targeted at mná tí who provide accommodation for students attending the Coláiste Samhraidh, those involved in the tourism sector or anyone with an interest in cookery.  The food preparation module covers a wide range of topics including practical cookery, menu planning, cooking for groups, food and nutrition, hygiene, budget control, food costing etc. and successful applicants will be awarded FETAC Level 5 certification.  

The course will commence in St. Brendan’s Secondary School, Belmullet on Wednesday 6th September at 8.00 p.m.  A fee of €35 is payable on the first night which covers tuition and material costs.  Transport to and from the venue will also be provided.

Turasóireacht Tuaithe / Introduction to Rural Tourism

Tá sé beartaithe cúrsa turasóireachta tuaithe a eagrú i gcomhar le Teagasc i mí Dheireadh Fómhair (ag brath ar éileamh).  Dá huaire déag go leith teagasc thar cheithre oíche atá i gceist agus clúdófar ábhair mar deiseanna i dturasóireacht tuaithe, margaíocht, riachtanaisí bunúsacha i bhforbairt táirge, airgeadú, eagraisí turasóireachta, céard iad na rudaí a dhéanann iarratas rathúil &rl.  Cuirfear comhairle ar fáil maidir le conas togra a chur i gcrích agus eagrófar turas chuig togra turasóireachta tuaithe ráthúil.  Tá cailíocht FETAC Leibhéal 1 le bronnadh orthu siúd a n-éiríonn leo agus níl aon chostas ar an gcúrsa.  Tuilleadh eolais le fáil ó Threasa ag 097 88082 nó 087 1251642

It is proposed to organise an Introduction to Rural Tourism course in conjunction with Teagasc in October (depending on demand).  The course consists of 12.5 hours tuition spread over four nights and covers topics such as opportunities in rural tourism, marketing, basic requirements for product development, financing a rural tourism venture, tourism agencies, what’s required for a successful application etc.  The course also provides assistance in getting an idea off the ground and includes a field trip to a successful rural tourism project.  Successful applicants will be awarded FETAC Level 1 certification and the course is free of charge.  Further information available from Treasa at 097 88082 or 087 1251642

SCÉALTA EILE / OTHER NEWS

Eolaire Chill Chomáin / Cill Chomáin Directory

Tá sé i gceist ag Comhar Dún Chaocháin Teo eolaire a chur le chéile ag cuir síos ar na gnóanna agus na seirbhísí atá le fáil i bparóiste Chill Chomáin.  Más maith leat a bheith san áireamh seol sonraí do ghnó/ sheirbhís (60 focal) maraon le sonraí teangmhála chuig Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo, An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo roimh Dé hAoine an 29ú Meán Fómhair 06.

Comhar Dún Chaocháin Teo intends to compile a business/services directory for the parish of Kilcommon which will be distributed to various development/tourist agencies and local outlets.  If you would like to be included please forward details of your business/service (60 words) including contact details to Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo, An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo to arrive not later than Friday 29th September 06. 

Plean Forbartha Chill Chomáin

Leagann Plean Forbartha Chill Chomáin, atá ullmhaithe ag Comhar Dún Chaocháin Teo i gcomhar leis an bpobal áitiúil, amach straitéis forbartha don pharóiste le haghaidh an tréimhse cúig bliana 2006-2010.  57 gníomh atá sa phlean a thiteann faoi cúig mór-rannóg forbartha mar atá (i) Pobal, Fiontar agus Fostaíocht (ii) Oideachas agus Oiliúint (iii) Timpeallacht agus Bonneagar (iv) Teanga, Cultúr agus Turasóireacht agus (v) Seirbhísí agus Áiseanna.  Tá an plean ag na clódóirí faoi láthair agus tá súil ag an gcoiste é a sheoladh go luath.

The Cill Chomáin Development Plan, which was prepared by Comhar Dún Chaocháin Teo in consultation with the local community, outlines a strategy for the development of the parish over the five year period 2006-2010. The plan comprises 57 actions which fall into the following five categories (i) Community, Enterprise and Employment (ii) Education and Training (iii) Environment and Infrastructure (iv) Language, Culture and Tourism and (v) Services and Facilities.  The plan is currently at the printers and the committee hope to launch it in the near future.

FOINSÍ MAOINITHE / SOURCES OF FUNDING

Tá eolas ar na foinsí éagsúla maoinithe do ghrúpaí pobail agus deonacha le fáil ar shuíomhanna idirlíne www.mayococo.iewww.mayocdb.ie ach an nasc Mayo 4 Funding a leanúint.  Is togra páirtíochta é seo atá forbartha ag Comhairle Chondae Mhaigh Eo, Bord Forbartha Chondae Mhaigh Eo agus Fóram Pobail Chondae Mhaigh Eo. Information on the various sources of funding that are available to community and voluntary groups can be accessed by logging onto either www.mayococo.ie or www.mayocdb.ie and following the prominent link (Mayo 4 Funding website).  This partnership initiative was developed by Mayo County Council, Mayo County Development Board and Mayo County Community Forum.

Tacaí do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha / Support for Voluntary and Community Groups

Tá iarratais á lorg anois ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha ar mhaoiniú faoi Chlár Deontas 2006 d’Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha atá Bunaithe go hÁitiúil.  Tá trí scéim deontas aonuaire ar fáil faoin gClár d’eagraíochtaí áitiúla pobail agus deonacha le haghaidh na nithe seo a leanas:

(i)           Athchóiriú ar áitreabh
(ii)          Trealamh
(iii)         Oiliúint, Oideachas agus Taighde

Tá foirmeacha iarratais agus eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.pobail.ie nó ón seoladh seo a leanas:-
Tacaí Deonacha agus Pobail
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Sráid Teeling
Tobar an Choire
Co Shligigh                         Guthán 071 9186759

Mar gheall ar teorainn a bheith ar an maoiniú moltar do ghrúpai a gcuid iarratas a chur isteach a luaithe agus is féidir.

Applications are now invited from Community and Voluntary Groups for funding under the 2006 Programme of Grants for Locally-Based Community and Voluntary Organisations.

The Programme offers three schemes of once-off grants to local community and voluntary organisations for:

(i)           Refurbishment of Premises
(ii)          Equipment
(iii)         Training, Education and Research

Application forms and further information are available from the Department’s website at www.pobail.ie or from :-
Voluntary and Community Supports
Department of Community, Rural & Gaeltacht Affairs
Teeling Street
Tubbercurry
Co. Sligo                              Telephone 071 9186759

As funding is limited groups are advised to submit their applications as soon as possible.


Back to top


pb development