heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Stair agus Cultur

--------------------

 

header

PLEAN FORBARTHA CHILL CHOMÁIN

Leagann Plean Forbartha Chill Chomáin, atá ullmhaithe ag Comhar Dún Chaocháin Teo i gcomhar leis an bpobal áitiúil, amach straitéis forbartha don pharóiste le haghaidh an tréimhse cúig bliana 2006-2010. 

I dtaobh pleanáil náisiúnta de leagann Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 amach an comhthéacs iomláine i leith polasaithe le béim ar fhorbairt cothrom réigiúnach a chur chun cinn.  Tógann Plean Forbartha Chill Chomáin san áireamh pleanáil straitéiseach áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta le béim ar fhorbairt chothrom, chomhtháite agus ar an gcaoi seo tá sé mar aidhm aige pobal bríomhar muiníneach le todchaí inbhuaineach a chur chun cinn.

An Modh Oibre

Aithníonn an plean forbartha seo an gá atá le forbairt pobail ‘ón mbonn aníos’ áit a gcuireann ionchur phobail na háite agus eolas áitiúil borradh le cumas forbartha na háite.  Áirítear sa cháipéis próifíl cheantair den pharóiste agus d’acmhainní áitiúla, próifíl déimeagrafach agus socheachnamaíoch, anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí faoi na cúig mór-rannóga forbartha agus na gníomhaíochtaí molta a eascraíonn as sin.  Áirítear sna gníomhaíochtaí uilig critéir mar chomhionannas, inbhuaineacht, a dtionchar ar an timpeallacht agus ar shlí bheatha an phobail áitiúil agus mar sin déanann an straitéis iarracht cothromaíocht a aimsiú idir fhorbairt eacnamaíochta/bhonneagartha agus riachtanaisí sóisialta/cultúrtha.  Chuaigh an coiste i gcomhairle leis an bpobal áitiúil ag an staid ullmhúcháin i bhfoirm ceistneoirí, ceardlanna oibre agus lá oscailte inar tugadh cuireadh don phobal freastal le scrúdú a dhéanamh ar an ndréachtphlean agus a dtuairimí a léiriú.  Cuireadh an dréachtphlean chuig eagraisí éagsúla forbartha le haghaidh a gcuid ionchur agus moltaí chomh maith.


Na Mór-Rannóga Forbartha

Ag cloí le ráiteas misin an tionscnóra Comhar Dún Chaocháin Teo beidh (a) caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus cultúr na háite (b) forbairt acmhainní nadúrtha agus daonna an cheantair ar bhealach comhtháthach, inbhuaineach agus (c) forbairt bhonneagair, áiseanna agus seirbhísí cuí ar mhaithe leis an bpobal ina ghnéithe tabhachtacha den phlean.  Cuirfear an misin seo i bhfeidhm tré dhíriú isteach ar na cúig mór-rannóga forbartha seo leanas, a bhfuil gníomhaíochtaí sainiúla ceangailte leo:- 

*              Pobal, Fiontar agus Fostaíocht
*              Oideachas agus Oiliúint
*              Timpeallacht agus Bonneagar
*              Teanga, Cultúr agus Turasóireacht 
*              Seirbhísí agus Áiseanna

Anailís ar Láidreachtaí, Laigí, Deiseanna agus Bagairtí (LLDB), Gníomhaíochtaí agus Cur i bhFeidhm

Is iad an tírdhreach nádúrtha neamhmhillte, an saibhreas oidhreachta cultúrtha agus spiorad bríomhar pobail na láidreachtaí is mó atá ag paróiste Chill Chomáin.  Mar gheall ar athraithe agus éiginnteacht sna hearnálacha traidisiúnta mar thalmhaíocht agus iascaireacht caithfidh an pobal dearcadh ar na feidearthachtaí atá ann táirgí/seirbhísí nua a fhorbairt mar thurasóireacht éiceolaíochta, fheirmeireacht orgánach, acmhainní mara agus fiontair beaga eile bunaithe ar acmhainní na háite.  Is laigeacht sainiúil forbartha é an t-easpa infheistíochta cuí i mbonneagar agus i seirbhísí riachtanacha agus caithfear dul i ngleic leis seo.  Aimsíonn an anailís LLDB deiseanna forbartha i dtreo inbhuaineacht fad-théarmach an phobail tuaithe áitiúil agus is iad seo bunchloch an phlean gníomhaíochta.

Leagann an plean amach clár oibre soiléir praiticiúil agus na 57 gníomh atá sé i gceist a chur i bhfeidhm thar an tréimhse cúig bliana agus torthaí intomhaiste.  Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an bplean maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith chuile ghníomh.  D’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile teacht chun cinn idir an dá linn de réir mar a athraíonn an comhtheacs forbartha pobail.  Tá tréimhse ama ceangailte le cuir i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí mar ghearr-, meán- nó fad-théarma agus leanúnach i roinnt cásanna.  Tá cur i bhfeidhm an phlean ag brath go mór ar thacaíocht ó réimse leathan eagraisí agus eagraíochtaí ag obair i gcomhpháirtíocht leis an bpobal áitiúil.

Mar fhocal scoir tá sé mar aidhm ag an bplean seo acmhainní nádúrtha agus daonna, bonneagar, áiseanna agus seirbhísí cuí a fhorbairt ar bhealach comhtháthach, inbhuaineach i dtreo pobal bríomhar muiníneach a chur chun cinn.

CILL CHOMÁIN DEVELOPMENT PLAN

The Cill Chomáin Development Plan, which was prepared by Comhar Dún Chaocháin Teo in consultation with the local community, outlines a strategy for the development of the parish over the five year period 2006-2010.

From a national planning perspective the National Development Plan 2000-2006 and the Border, Midlands and Western Region Operational Programme set out the overall policy context with the emphasis on promoting balanced regional development.  The Cill Chomáin Development Plan takes account of local, regional and national strategic planning where the emphasis is on balanced and sustainable development and doing so it aims to promote a vibrant, self-reliant community with a sustainable future.

Methodology

This development plan recognises the need for a ‘bottom up approach’ to community development where the input of local people and local knowledge drives the developmental potential of the area.  The document incorporates an area profile of the parish and its resources, a demographic and socio-economic profile, a SWOT analysis of the five key areas of development and the resulting proposed actions.  All actions are considered in terms of equality, sustainability, their impact on the environment and on the way of life of the local community and in so doing the strategy endeavours to strike an appropriate balance between economic/infrastructural development and social/cultural needs.  Consultation with the local community in the planning stages took the form of questionnaires, workshops and an open day where individuals were invited to attend to examine the draft plan and make recommendations.  The draft plan was also forwarded to various development agencies for comment.


Key Areas of Development

In keeping with the mission statement of the promoter Comhar Dún Chaocháin Teo, the development plan for the parish of Cill Chomáin will seek to (a) preserve and promote the Irish language and culture (b) develop in an integrated and sustainable way the existing natural and human resources of the area and (c) develop the necessary infrastructure, facilities and services for the benefit of the entire community.  This mission will be achieved through the five key areas of development listed below,  each with its own specific actions:-

*              Community, Enterprise and Employment
*              Education and Training
*              Environment and Infrastructure
*              Language, Culture and Tourism
*              Services and Facilities

Analysis of Strengths, Weaknesses, Opportunities and Threats (SWOT), Actions and Implementation

The parish of Cill Chomáin’s main strengths are its unspoilt natural landscape, rich cultural heritage and vibrant community spirit.  Changes and uncertainty in traditional occupations such as farming and fishing mean the community must examine the potential of developing new products/services such as eco-tourism, organic farming, mariculture and other small enterprises based on local resources.  Lack of proper investment in infrastructure and facilities is a significant weakness in terms of future development and this needs to be addressed.  The SWOT analysis identifies opportunities for the development and long-term sustainability of this rural community and forms the basis for the proceeding action plan.

The implementation plan sets out a clear, practical programme of work, with 57 associated actions to be carried out over the five year period and measurable outcomes.  The plan will be subject toongoing review to report progress made in respect of each action and new actions may be necessary during its lifetime as the context of community development changes.  The timeframe by which it is hoped to achieve the actions is designated as either short-, medium- or long-term and in some instances as ongoing.  The successful implementation of this development plan is dependent on the commitment and support of a wide range of agencies and organisations, working in partnership with the local community.  

In summary this plan aims to harness and maximise the potential of the natural and human resources and develop the necessary infrastructure, facilities and services in an integrated and sustainable manner towards the promotion of a self-reliant vibrant community.

SCÉALTA EILE / OTHER NEWS

Cúrsa Ullmhú Bia - Food Preparation Course

Tá sé i gceist cúrsa ullmhú bia a reáchtáil i mí Meán Fómhair 06, a chlúdaíonn cócaireacht phraiticiúil, pleanáil biachlár, freastal ar ghrúpaí, roghanna sláintiúla, glaineacht, smachtú buiséid agus costasú bídh.  Cuireann an cúrsa seo deis ar fáil do mhná agus d’fhir araon cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 a bhaint amach in ullmhúcháin bia, rud a rachfas chun tairbhe do dhaoine a bhíonn ag plé le Coláistí Samhraidh Gaeilge, le turasóireacht nó leis an dtionscail bia go ginearálta.  Tá an clár á riaradh ó oifig réigiúnach Meitheal Forbartha na Gaeltachta i dTír Chonaill agus á maoiniú ag FÁS, MFG agus Údarás na Gaeltachta.   Is é Comhar Dún Chaocháin Teo atá ag déanamh riaracháin air go háitiúil.

It is proposed to organise a food preparation course in September 06, which will include modules such as practical cookery, menu planning, cooking for groups, healthy options, hygiene, budget control and food costing.  The course offers an opportunity for both men and women to attain a FETAC Level 5 qualification in food preparation, which will be beneficial to those involved in Irish Summer Colleges, tourism or the food/ hospitality sector in general.  The course is being administered through Meitheal Forbartha na Gaeltachta’s regional office in Donegal and funded by FÁS, MFG and Údarás na Gaeltachta.  Comhar Dún Chaocháin Teo is administering the project at local level.       

Staidéar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Táimid ar thairseach ceann de na tréimhsí is cinniúnaí i leith na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht.   Ba shin ceann de na rudaí a sheas amach ag cruinniú poiblí a d’eagraigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa tSeanscoil i gCeathrú Thaidhg ar an 19ú Aibreán seo caite mar chuid den staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.  Ocht nduine fhichead de bhunadh na háite a bhí i láthair ag an gcruinniú inár léiríodh go leor tuairimí ar céard atá i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail amach anseo.  Creimeadh leanúnach agus brú ar an nGaeilge ó chuile thaobh mar shampla sna meáin, easpa seirbhísí le fáil trí Ghaeilge ó roinnt eagraíochtaí stáit, easpa tacaíochta don Ghaeilge i réimsí áirithe den phobal, go leor grúpaí agus eagraisí ag obair go neamhspléach gan aon iarracht comhpháirtíochta eatarthu, laghdú suntasach i measc na ndaoine óga a labhraíonn Gaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide – ba shin cuid de na tuairimí a nochtadh. 

Is léir go bhfuil ról fíor-thabhachtach ag tuismitheoirí sa bpróiséas aistriú teangan agus chuige sin ceann de na moltaí atá curtha ar aghaidh ná go mbeadh scéim cuairteoirí teanga a bhunú d’fhonn spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí agus múinteoirí an Ghaeilge seachas an Béarla a roghnú.  Tá go leor taighde den chineál seo déanta sa mBreatain Bhig le blianta beaga anuas a léiríonn gur sa tumoideachais atá réiteach na faidhbe ó thaobh múineadh agus foghlaim na Gaeilge.  B’féidir go mba chóir dúinn díriu isteach ar an múnla sin, atá dá chur i bhfeidhm sna naíonraí cheana féin.

We are on the threshold of a critical point in relation to the survival of Irish as a household and community language in the Gaeltacht.  This was one of the main points that emerged from a public meeting which was organised by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, University College Galway in the Seanscoil, Ceathrú Thaidhg on 19th April last as part of a study it is undertaking on the use of the Irish language in the Gaeltacht.  Twenty eight local people were in attendance who gave their views on what they believe the future holds for Irish as a community language.  The ongoing erosion of the Irish language from outside influences such as the media, lack of provision of services through Irish from many state bodies, lack of support for the Irish language in some sections of the community, lack of a co-ordinated effort between groups and organisations, a noticeable decline in the number of young people who speak Irish as their main language of communication – these were among the viewpoints put forward.   

Clearly parents have an important role to play in the transferral of language and one of the recommendations put forward was that a scheme of language assistants be established to liaise with parents and teachers and encourage them to choose Irish instead of English.  Much research in this area has been undertaken in Wales in recent years which illustrates that complete immersion in a language is the key to its survival.  Perhaps we should focus on this model, which is already being implemented in the naíonraí (Irish pre-schools), as the way forward.  

An R312 – Bóthar Chaisleáin a’ Bharraigh

Ábhar mór díoma, feirge agus lagbhrí do phobal Iorrais i gcoitinne is ea an drochchuma atá ar an R312, an príomhbhóthar a ritheann idir cheantar Iorrais agus Caisleán a’ Bharraigh.  Bhí cruinniú torthúil ag an ngrúpa nua-bunaithe gníomhaíochta R312 in Óstán an Broadhaven Bay i mBéal an Mhuirthead ar an 12ú Aibreán seo caite chun an ábhar a phlé.  Tugadh fianaise ag an gcruinniú ar na contúirtí atá ann do thiomanáithe a mbaineann úsáid as an mbóthar seo go laethúil, go mórmhór seandaoine agus daoine tinn atá ag taisteal ón gceantar chomh fada le hoispidéal an Chondae.  Anuas ar sin tá trucanna móra troma ag baint úsáid as an mbóthar go rialta agus tá cúpla ceann tar éis sciorradh isteach sa díog mar gheall ar na taobhanna boga.  Cé go bhfuil gearán á dhéanamh ag muintir na háite agus ag tiománaithe le fada faoi is beag airde atá orthu.

Aontaíodh d’aonghuth nach raibh drochchuma an bhóthair inghlactha níos mó agus go gcuirfí feachtas gníomhaíochta i bhfeidhm láithreach bonn chun brú a chur ar na heagraisí chuí maoiniú a chur ar fáil chun uasghradú a dhéanamh air.  Tugadh le fios ag an gcruinniú nach bhfuil ciste airgeadais ag Comhairle Chondae Mhaigh Eo le dul i ngleic leis an bhfadhb agus go gcaithfear díriú ar chistí náisiúnta ina leith.  Tá an bóthar lonnaithe i gceantar aitheanta mí-bhuntáiste a bhfuil stadas CLÁR aige agus anuas ar sin déanann sé freastal ar cheantar imeallach Gaeltachta.  Tá cóip de thuairisc innealtóra le fáil a leagann amach go soiléir an obair riachtanach atá le déanamh idir leathnú, dhíriú agus laidriú an dromchla.  Rinneadh cinneadh go neagrófaí cruinniú poiblí in Óstán an Broadhaven Bay ar an 19ú Bealtaine 06 ag 9.00 i.n. ag tabhairt cuireadh do na hionadaithe tofa uilig freastal air.  Beidh an grúpa ag súil le comhoibriú eatarthu ar mhaithe le leighsiú na faidhbe le cinntiú go ndéanfaí an obair chuí sula dtarlóidh droch thimpiste.  Moladh chomh maith, ag brath ar thoradh an chruinniú poiblí, go mbualfadh toscaireacht ón gceantar leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil chun achainí agus na siníthe uilig atá bailithe a thabhairt dó.

The worsening condition of the main road linking Erris to Castlebar the R312, has become a hugh concern in the Erris area.  The recently formed R312 Action group had a very productive meeting in The Broadhaven Bay Hotel on the 12th of April last to address the situation.  The meeting heard evidence that highlighted the worsening hazards that people have to face on a daily basis when using this road.  Particular emphasis was placed on the hardship faced by sick and elderly people from the area having to attend Mayo General Hospital.  In addition heavy goods vehicles use the road on a regular basis and some have ended up sliding into the drain due to the soft roadside margins.  While numerous complaints have been made by local people in relation to the issue very little has been done.

In this regard, a consensus was reached that the worsening condition of the road would not be accepted and that a plan of action would be put in place to campaign for the necessary funding needed to upgrade this road.  The meeting was informed that Mayo County Council does not have a budget to upgrade this road and therefore attention must be directed towards national funds.  The road is situated in a recognised disadvantaged area (with CLÁR status) in the BMW region and also serves a peripheral Gaeltacht area. A copy of an engineer’s report is available outlining the essential work that needs to be carried out including widening, straightening and strengthening of surface.  It was decided to organise a public meeting in the Broadhaven Bay Hotel on 19th May 06 at 9.00 p.m. inviting all elected representatives to attend.  The emphasis is on everyone working towards a common goal, regardless of political preferences in order to move the project forward.  It was also proposed that a delegation meet with the Minister for the Environment, Heritage and Local Government to hand in a petition pending the outcome of the public meeting.  Hundreds of signatures have been collected to date which will form part of the petition.


Back to top


pb development