Do seoladh Gluaiseacht na gComhluadar Beo sa tSeomra Darach i dTeach
an Ard-Mhaora i mBaile Átha Cliath ar an 16ú lá déag de Bhealtaine,
2005. Do tháinigh slua nach beag agus fáiltíodh roimh ‘chuile
dhuine. Cuireadh fáilte ar leith roimh A Oirirceas, an t-Uasal
Suarabh Kumar, Ambasadóir na hInde. Taobh leis, bhí ionadaithe ann ó
Ghaeltacht Cheathrú Thaidhg, i gContae Muigh Eo, ard-oifigigh ó
Fhoras na Gaeilge, ó Ghael-Taca agus ó eagrais Ghaeilge eile. Bhí
gnáth-Éirinnigh ann a thuig tábhacht an chultúir. Áiríodh fosta dream
pháistí ó Choláiste Chaoimhín, Sráid Mhaolbhríde, Gaelscoil i gceartlár
na cathrach, a chruthaigh cé comh héasca gur féidir dílse na haoise
óige don teangain a chinntiú. Labhair an tUasal Aindriú Mac Taidhg,
Ard-mhaor Cúnta, an Dr Liam Réamonn, agus Treasa Ní Ghearraidh ón
árdán ar an bhfealsúnacht nua maidir leis an riachtanas, gnóithe neamhspleácha,
ar le Gael iad, a bhunú. Ábhar suime eile ag
an lucht labhartha, conas luach an chomhluadair Ghaelaigh a léiriú
don phobal i gcoitinne, ar bhonn leanúnach.
Déis dóibh triúr labhairt uatha ar faidh achair, thaispeáin Uinsíonn
Mac Graith raon maith pictiúirí ar scáileán, óna leabhar oll-tábhachtach
'Logainmneacha agus Oidhreacht Dún Chaocháin'. Tógann an foilsiúchán
céim ar aghaidh i gcur i láthair chanúint shainiúil Ghaeilge
Mhuigh Eo. Cuireann sé síos ar ghnéithe éagsúla den stair áitiúil, taobh
le heolas ar ghéolaíocht agus dúlra. Caithfear an chuid má-oibre seo
sa stair a mheas mar taighde den chéad scoth.
Maidir le cursaí geileagair, dúirt an Dr Réamonn nár mhair aon chultúr ariamh, i stair an domhain, nach raibh a gheileagar fhéin aige. I nÉirinn, san octó aois déag, bhí dhá gheilegar éagsúil ann: é sin a bhí ag na Sacsanaigh agus é sin a bhí ag na Tiarnaí seo 'gainne. Do b'í aidhm leis an nGluaiseacht, turasóireacht chultúrtha a chur ar aghaidh, le agus go tíortha a raibh idirghabháil le hÉirinn acu, blianta móra fada ó shoin. Sa tslí seo treiseofaí an nasc cultúrtha eadrainn athuair. B'amhlaidh gur mhair cuimhní chinn ar na Gael sa bhFrainnc agus sa Ghearmáin, nar mhair sa Ghalltacht. Is cosúil go ndeachaigh Éire thréan, bhródúil Ghaelach ina codhladh, tráth a' Ghorta Mhóir (1845-9). An uair a dhúisigh sí ina dhéidh sin, bhí athrú chultúir tar éis tarlúinte di: ní rabhamar fíor-Ghaelach a thuilleadh, ach meon agus suimeanna coimhthíocha fachta againn, nach n-aithneodh duine den tsean-dream choíche.
Maidir le tioncar maith an Ghaelachais ar an sochaí in Éirinn, reachtálfaí, sa chéad áit, campaí oibre a bhéarfadh ógánaigh ó Ghaelscoileanna uirbeacha agus ógánaigh thuaithe le chéile, le féin-smacht agus a gcuid dualgas a fhoghlaim, taobh le bráithreachas agus féin-mhuinín. Sa tslí seo, cuirfí ar chumas óige Gaelaighe tuaithe ionchur sainiúil a dhéanamh – lena meas ar a gclann, a meas ar dhaoine eile agus a léirthuiscint ar sheanchas agus ar fhoglaim bheacht. Ag an am gcéanna, bheadh féin-mhuinín le foghlaim acu ón ndream uirbeach, nach raibh fadhb ar bith acu leis an teanga do labhairt go poiblí, ach bród acu as agus tréan-mhisneach acu an fód dúchais Ghaelaigh a mhéadú.
Ghlacadh go mbeadh dúthlán mór, fada ag saorálaithe Ghluaiseacht na gComhluadar Beo. Ach ní raibh misneach in easnamh ar éinne sa tSeomra Darach an lá úd. Déanfaí nascanna eadar cos-mhuinntir uirbeacha agus tuaithe i nÉirinn agus eadar ár muinntir annseo agus ár leithéidí sa bhFrainnc agus sa Ghearmáin. Ar ár suíomh idirlín do mhíníomar conas, i ndóidh ar leith ar fad, a raibh again, agus ag ciníocha na hÁise Thoir, sibhialtacht ársa agus oidhreacht ghlórmhar a d’fhás ón bhfréamh ársa céanna, tuairim is cúig mhíle bliadhain ó shoin. Bhí uainn go mbeadh le fail arís, ag an ngnáth-duine, gach eolas ar seo. Eolas a cailleadh an uair a tháinig meáth ar an gcultúr ach a thaispeán go soiléar gur cultúr ancaire Eorpach é, mór-chultúr na nGael.