heading
barhomeeiceathurasoireachtstair agus cultursiopascaidhplearscail


Léarscáil

--------------------

 

header

Ceantar í An Ghaeltacht ina labhartar Gaeilge mar theanga phobail. Tá na pobail Gaeltachta scaipthe ar fud seacht gcondae in Éirinn, ar chósta thiar na tíre go mórmhór, i gceantracha aistréanacha áilne gan mhilleadh. Tógann Gaeltacht Mhaigh Eo isteach ceantracha Iorrais, Acla, Inis Bigil agus Tuar Mhic Éadaigh. Tugann na ceantair seo cuireadh duit blas a fháil ar shaol faoi leith, saol traidisiúnta le cultúr sainiúil, áit a gcuirfear fáilte fial romhat.

Tá paróiste Chill Chomáin suite tuairim is leath-bealaigh idir Bhaile an Chaisil agus Béal an Mhuirthead ar an gcósta thuaidh in iar-thuaisceart Condae Mhaigh Eo. Tá príomh-bhailte móra an chondae Béal an Átha (42 míle ar siúl) agus Caisleán a’ Bharraigh 55 míle ó Cheathrú Thaidhg. Sé Béal a’ Mhuirthead ag 22 míle agus Beannchar ag 18 míle na ceantracha uirbeacha is gaire.

Is acmhainn luachmhar do Chill Chomáin a stádas mar cheantar Ghaeltachta. Tá athbeochan spéise sa dteanga Ghaeilge agus sa chultúr agus tá níos mó tuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh deis ag a bpáistí foghlaim trí Ghaeilge mar a léiríonn an t-éileamh atá ar naíonraí agus seirbhísí iar-scoile. Tá sé le feiceáil chomh maith ar an éileamh atá ar Champaí Samhraidh trí Ghaeilge. Tá an Ghaeilge mar theanga labhartha faoi bhrú áfach agus caithfidh an pobal áitiúil agus na heagraisí stáit cuí iarracht faoi leith a dhéanamh chun í a choinneáil beo.

Beatha an teanga í a labhairt. Má tá Gaeilge agat….. labhair linn í.

AN TÍRDHREACH ALT AGUS FARRAIGE

Is ceantar fíorálainn é Cill Chomáin a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leis. Tá an charraig tollta ag an bhfarraige ina cuanta beaga agus cinntíre, stácaí agus pluaiseanna, ag cruthú an tírdhreach ailt agus farraige is deise in Éirinn de réir barúil na saoi. Ardaíonn na hailt 255 méadar ag Barr na Binne Buí agus 304 méadar ag Glinsc. Ar feadh an chósta tá tránna áilne neamhmhillte ag Port a’ Chlóidh, An Rinn Rua, Corrán Buí, Ros Dumhach agus Gleann na nGad. Cothaíonn éagsúlacht na tírdhreacha, ina n-áirítear réimse mór de bhratphortach íseal, inbhir agus góilíní farraige, an-éagsúlacht plandaí agus ainmhithe. Tá tabhacht mór eolaíochta ag machairí Chnoc a’ Ghairtéil agus an Chorráin Bhuí atá faoi chosaint speisialta an Aontas Eorpaigh. Léiríonn stádais Limistéir Speisialta Caomhnaithe (L.S.C.) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (L.C.S.) go bhfuil gnáthóga agus spéicis thabhachtacha sa cheantar.

COMHAR DÚN CHAOCHÁIN TEO Ó bunaíodh é i 1995 tá réimse leathan tograí pobal- agus teanga-bhunaithe forbartha ag Comhar Dún Chaochain Teo, comharchumann forbartha pobail atá lonnaithe sa tSeanscoil i gCeathrú Thaidhg. Reachtáileann an comharchumann cúrsaí oiliúna, campaí samhraidh, naíonraí, seirbhís iar-scoile, féiltí, seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge, scéimeanna timpeallachta, imeachtaí turasóireachta &rl agus foilsíonn sé nuachtlitir pobail trí thorann sa bhliain. Chomh maith le sin cuireann an comharchumainn eolas/cuidiú ar fáil do choistí deonacha atá ag feidhmiú i bparóiste Chill Chomáin ar chonas tograí a fhorbairt agus a bhainistiú, foinsí maoinithe &rl.

Teagmháil: Treasa Ní Ghearraigh (Bainisteoir)

Guthán: 097 88082 nó 087 1251642

Ríomhphost: dunchaochain1@eircom.net

IONAID OIDHREACHTA [1] Ionad Oidhreachta na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg

Tá ceantar Dún Chaocháin suite sa chuid ó thuaidh de pharóiste Chill Chomáin. Tá oidhreacht saibhir teanga agus cultúrtha Dhún Chaocháin, atá curtha chun cinn ag saineolaithe teangan agus béaloidis, mar chartlann de bhreis agus 25,000 leathanach lámhscríbhinn d’ábhar áitiúil béaloidis atá i Roinn Bhéaloideas Éireann. Tá staidéar leanúnach ar bhéaloideas an cheantair ar siúl ag an Ollamh Séamas Ó Catháin, an Coláiste Ollscoile, B.Á.C. i gcomhar le pobal an cheantair, ina measc an mór-scéalaí Seán Ó hInneirighe, atá anois ar shlí na fírinne, agus Caitlín Uí Sheighin. Le blianta beaga anuas bailíodh agus foilsíodh logainmneacha na háite a thugann léargas dúinn ar thírdhreach agus ar shaol na ndaoine a mhair is a mhaireann sa dúiche ársa seo. Tá na foilseacháin seo le fáil ó Chomhar Dún Chaocháin Teo (féach ar rannóg na bhfoilseachán).

Tá Ionad Seirbhísí Teanga lonnaithe sa Seanscoil, áit a mbíonn ranganna Gaeilge agus cúrsaí aistriúcháin curtha ar fáil de réir éilimh. Tá forbairt déanta ar sheomra oiliúna, áit a bhfuil leabharlann le hachmhainní tacaíochta foghlama ar nós leabhair, téipeanna, físeáin agus bogábhar ríomhaireachta ar fáil.

Teagmháil: Comhar Dún Chaocháin Teo

Guthán: 097 88082 / 087 1251642

Ríomhphost: dunchaochain1@eircom.net

[2] Ionad Cuairteoirí Achadha Chéide

8km siar ó Bhaile an Chaisil ar an R314 atá Achadha Chéide, an lonnaíocht is fairsinge ar domhain ó thréimhse na Clochaoise. Bhí córas de pháirceanna agus ballaí clocha, áiteanna cónaithe agus tuamaí meigiliteacha anseo sular thosaigh an portach ag fás. Tá na páirceanna, a shíneann ar feadh na mílte acra, os cionn 5000 bliain d’aois, na cinn is sine ar domhain. Istigh san Ionad Cuairteoirí, a ghnóthaigh bonn óir ailtireachta, tá fís, taispeántais agus siopa caife. Tá radharcanna maorga le fáil ar na hailt, atá 110 méadar ar airde, ó bharr an ionaid. Eagraítear turasanna treoraithe thart ar an suíomh agus moltar do chuairteoirí éadaí uiscedhíonach agus buataisí siúil a chaitheamh le linn na cuairte.

[3] Feirm Neoiliteach agus Ionad Taighde Timpeallachta agus Staidéir Bhéal Deirg

Ionad amháin iad an láithreán seo agus Achadha Chéide, ceithre mhíle soir. Le linn tochailt sa bhliain 1971 nochtaíodh córas de pháirceanna agus ballaí clocha, sean-mharcanna céachta agus iomairí curaíochta chomh maith le teach ón gCréú Aois ar an laithreán seo. Cuireann an t-Ionad Taighde Timpeallachta agus Staidéir, atá suite in aice láimhe, áis ar fáil inar féidir staidéar a dhéanamh ar an ngaol ársa idir an duine agus an timpeallacht. Tá dhá shaotharlann agus seomra léachta ilfheidhmeach san ionad ina mbeidh staidéar leanúnach ar siúl agus cuirfear cúrsaí ar fáil i ngnéithe áirithe tírdhreacha agus timpeallachta.

[4] Ionad Oidhreachta Dheirbhile

Tá Ionad Oidhreachta Dheirbhile suite san Eachléim, 18km ó Bhéal an Mhuirthead, áit a bhfuil léargas iomlán le fáil don chuairteoir ar chultúr agus ar bhéaloideas an cheantair. Déanann taispeántais, áiseanna clos-amhairc agus leabharlann cuir i láthair ar seandalaíocht, geolaíocht agus stair áitiúil maraon le slí maireachtála agus beatha na ndaoine a mhair sna hoileáin amach ó leithinis an Mhuirthead. Tá áiseanna mar siopa ceirde agus siopa caife le fáil san ionad chomh maith. Is gnéithe suntasacha den bhfoirgneamh iad an fhuinneog daite atá deich dtroigh ar airde, a léiríonn scéal Naomh Deirbhile (naomhphátrún an cheantair), agus an teallach cloiche a théann siar chomh fada le 1840/60. Tá na ballaí lasmuigh maisithe le cloch áitiúil éibhir ón bhFál Mór agus tá plean an fhoirgnimh bunaithe ar na sean-tithe a bhí amuigh ar Oileáin Inis Geidhe.

Teagmháil: Ionad Oidhreachta Deirbhile

Guthán: 097 85727 / 097 85728

Ríomhphost: ionaddeirbhile@eircom.net

Suíomh idirlíne: www.museumsofmayo.com/deirbhile.htm

CAITHEAMH AIMSIRE AR UISCE

[1] Spórt Uisce

Má tá spéis agat sa spórt uisce tá rogha le fáil ag Ionad UISCE ar Leithinis an Mhuirthid idir farraigí foscúla, ciúine san oirthear agus farraigí níos oscailte agus garbha atá in éadan na pléisce san iarthar, atá oiriúnach don tonn-snámh. Cuirtear teagasc ar fáil san ionad ar imeachtaí mar seoltóireacht, marcaíocht toinne nó curachóireacht maraon le cúrsaí Gaeilge.

[2] Turais Bád

[A] I measc na dturas a chuireann Turais Dúlra ar fáil tá turais bád ag luí na gréine, turais iascaireachta tráthnóna, slatiscaireacht i ndoimhneacht na farraige, turais chuig na hoileáin agus turais eiceolaíochta ag faire ar éanacha, rónta, deilfeanna agus míolta móra.

[B] Eagraíonn Inis Gé Island Tours agus Lavelle Charters turais chuig na hoileáin áille Inis Geidhe Thuaidh agus Inis Geidhe Theas atá suite dá mhíle go leith amach ó chósta thiar Leithinis an Mhuirthead. Bhí mainistreacha sna suíomhanna iargúlta seo go luath sa Thréimhse Chríostaí agus tugann iarsmaí ar nós sean-séipéil, toibreacha beannaithe, clocháin agus leacracha croise chun chuimhne ré órga na Críostaíochta. Tá rian de stáisiún na míol mór le feiceáil ar an oileán theas. Tá an dá oileán tréighte anois agus cáil idirnáisiúnta orthu ó thaobh éaneolaíochta de – is ann a thagann leath de na géanna ghiúrainn a thagann go hÉireann leis an nGeimhreadh a chaitheamh.

SEANDALAÍOCHT

Tá saibhreas láithreacha seandalaíochta scaipthe ar fud Chill Chomáin chun a mheabhrú dúinn conas mar a mhair daoine siar chomh fada le 5000 bliain ó shin. Tá iarsmaí de thuamaí cúirte, a thóg na feirmeoirí tosaigh a tháinig go hÉirinn sa Thréimhse Neoiliteach, le fáil ag Ros Dumhach, Gleann na nGad, Fálach agus Muing a’ Rúin. Thóg siad stoc agus d’fhás siad arbhar i bpáirceanna pleánáilte mar atá le feiceáil faoin bportach ag Achadha Céide agus Béal Deirg. Ar cuid mhaith den chósta tá iarsmaí de dhúnta cinntíre mar An Dúna agus Dún Chiortáin. Tosaíodh ag tógáil na ndúnta seo in Aois an Iarainn agus mhair cónaí iontu anuas go dtí na Plandálacha féin. Iarsmaí eile iad na ciorcail chlocha, cistí, sean-séipéil, sean-reiligí agus tobair bheannaithe.

 


pb development