Nóta stairiúil: Na Ceiltigh, na Francaigh agus na Gearmánaigh
Na Ceiltigh in Éirinn
Roimh an bhliain 500 RCh, chuir na Ceiltigh fúthu i Lár na hEorpa - ó Dheisceart na Gearmáine go dtí an Eilbhéis, an Ostair agus ní b'fhuide soir arís. Tháinig dí-láithriú eile nuair a d'fhoghlaim na treabhacha Ceilteacha buntáiste an chapaill. Le linn an dí-láithrithe seo, shroich na Ceiltigh tíortha i bhfad i gcéin - Éire san áireamh. Inniu, tugann Gaeilge (Éire) nó Gàidhlig (Alba), Breathnais agus Briotáinis léiriú beo ar na príomh-theangacha Ceilteacha a bhí ann sa tsean-am.
Ba sinne na Gaeil, eachtránaithe agus saighdiúirí i ndiaidh saibhris, a chuaigh chomh fada le teorainn an domhain soáithrithe. Thugamar ainm banphrionsa ar an oileán seo: Éire. Áit í a d'fhéadfadh spioradáltacht níos mó ná míleatachas a mhéadú inti. Tar éis do Phádraig teacht anseo, do bhláthaigh Ré Órga síbhialtachta agus Breo na Críostaíochta. D'fhág misinéirí cósta na hÉireann sa dara leath den chéad mhílaoise, chun chur in aghaidh angar na Dubhaoise an an Mór-thír.
I mbaol a mbáis, d'fhill na manaigh seo ar tír dúchais na sean-imirceach Ceilteach. Bhí aidhm acu an Dea-nuacht a scaipeadh agus a gcuid léinn a thabhairt do mhuintir na Fraince, Dheisceart na Gearmáine, na hEilbhéise, Thuaisceart na hIodála (ó dheas go dtí an Róimh, ar ndóigh) agus na hOstaire. Spreag a gcreideamh ar aghaidh iad trí áiteacha fiáine go sean-lonnaíochtaí Ceilteacha chomh fada soir le Kiev.
Sa bhliain 585 ICh chuaigh Naomh Columbán, diantréanach agus idéalach, go dtí na tíortha Frainceacha i dteannta le dhá chompánach déag. Bhunaigh sé tuairim is sé mhainistir, ag tosnú leo síud in Annegray agus i Luxeuil. Le tacaíocht na manach agus mhuintir na háite, do thóg sé foirgnimh nua agus d'athchóirigh sé cinn a bhí ann cheana. D'fhás bailte timpeall ar na hionaid léinn Éireannaigh seo.
Thaisteal Columbán agus a chuid manach ar an Rhein, ag canadh a gcuid bád-amhrán éachtach. Thóg siad mainistir i Bregenz, taobh le Loch Constans, baile luaite leis an mbandia Ceilteach Bríd, a tugadh ómós di in Éirinn chomh maith. Thiar ó sin, tugadh an t-ainm St Gallen ar bhaile in ónóir a dheisceabail sin. Ar feadh na gcéadta bliain, lean an chuid ba mhó de mhainistreacha na hEorpa riail smachtúil Cholumbáin. Arsa an Pápa Pius XI, "de bharr obair N Columbáin, athshaolaíodh suáilce Críostaí i gcuid mhaith den bhFrainc, den Ghearmáin agus den Iodáil".
Mheall scríobhinní na manach seo, a bhí chomh láidir sa tsíocháin is a d'fhéadfaidís a bheith sa chogadh, aire na nGearmánach acadúla le linn an chéad leath den bhFichiú Aois. I ndáiríre píre, bhí na Gearmáinigh ar na céad scoláirí a shaothraigh an tsean-Ghaeilge.
D'fhan an córas polaitíochta agus cirt mar fhórsa thréan, in anneoin an aigneas leis an oileán taobh linnn a bheith ag dul i méid. Sa bhliain 1603, ámh, chuaigh an tOrd Gaelach a dhéag stairiúil nuair a ghéill an flaith Ultach Ó Néill dona Sasanaigh. Ceithre bhliain ina dhiaidh sin, d'éalaigh céad de flaithibh Uladh thar lear go Tír fó Thoinn na Spáinne agus go dtí an Róimh.
Sa bhliain 1691, comhaontaíodh Conradh Luimní eadar Pádraig Sáirséal (de bhunadh Ghaelach agus Normánach an fear sin) agus an Protastúnach Uilliam Oráisteach. Ligeadh do thuairim is 14,000 saighdiúirí Éireannacha dul slán go Mór-Roinn na hEorpa. Gealladh cearta creidimh agus saoránaigh do chos-mhuintir ísle na hÉireann ach bhris an Pharlaimint Shasanach an Conradh. Le linn an chéad bliain dár gcionn, nó mar sin, d'éalaigh scaifte maith eile d'uaisle na hÉireann, na Géanna Fiáine, óna dtír mbriste, gcráite féin, chun leanúint ar aghaidh lena gcogadh ó Mhór-thír na hEorpa.
Na Ceiltigh sa bhFrainc
B'é an Gall an tír chlasaiceach a ndeachaigh na Ceiltigh i réim inti. Tháinig na himircigh Cheilteacha ón Rheinland agus ó na hAilp go dtí an tír a dtugtar an Fhrainc inniu uirthi. Tháinigh siad in aonaid neamhspleácha mhíleata. Le himeacht ama, chruthaigh siad nascanna ní ba threise go polaitiúil.
Nuair a fuair Impireacht na Róimhe an lámh in uachtar sa Ghall sa chéad chéad, áfach, ba bhuille uafásach ar chine bhródúil é. Duine cróga é an Ceilteach. Ach níor sháraigh a chrógacht rómánsach eagrú nó modh oibre an airm Rómhánaigh. Bhí ar an dtreibh misniúil Ceilteach seo tosnú arís. Ní raibh an dara rogha acu.
Rinneadh malartú ar chumhacht pholaitíochta, bród náisiúnta agus crógacht an duine aonair ar mhaithe le dul isteach i margaidh na hEorpa a bhí fá smacht na Róimhe agus páirt lárnach a ghlacadh sa chultúr a ba mhó forbartha lena linn. Sa chaoi seo saolaíodh náisiún uasal na Fraince. Idir uasal is íseal, mhothaigh na Francaigh agus na hÉireannaigh bráithreachas nádúrtha i gcónaí. Ní féidir é seo a bhriseadh, rud a eascraíodh idir trúpaí Francacha agus na Géanna Fiaine ar gach aon pháirc áir ar fud na hEorpa.
Ar ndóigh, níor cailleadh gach rian den chultúr Cheilteach sa bhFrainc. Tá comhphobal láidir, bríomhar sa Bhriotáin in iarthuaisceart na tire sin inniu. Foinse eile d'oidhreacht ársa na hEorpa.
Na Ceitigh agus na Gearmánaigh
Tháinigh na Cimbri Ceilteacha agus treabh Gearmánach - na Teutones - chun tosaigh c100 RCh ó thuaidh den áit a raibh an phríomh-lonnaíocht stairiúil Cheilteach inti le fada i Lár na hEorpa. Shaothraigh an dá chine ar scáth a gcéile. Bhí sé i ndán do na Gearmánaigh méadú agus láidriú, diaidh ar ndiaidh, agus tír dúchais fhairsing a fháil dóibh féin, le meascán de threabhanna eile ar a himeall.
Tá foirm den fhocal 'Teuton' sa Ghaeilge a choinnigh an bun-mhíniú a bhí aige. Seo é an focal 'Tuath' a chiallaíos 'cine'. Choimeád an Ghaeilge agus an Ghearmáinis ar aon roinnt mhaith dá gcuid fréamhacha Ind-Eorpacha.
Bhí tionchar mór ag na Ceiltigh agus ag na Gearmánaigh ar aon ar chultúr Eorpach an lae inniu. I dtús na Meánaoise, d'athbheochain spiorad saor, láidir agus oll-chumhacht na ndaoine a bhí ag maireachtáil thar na hAilp a raibh fágtha d'Impireacht na Róimhe. Bhí cumas labhartha fíor-shuntasach ag na Ceiltigh agus ba mháistreacha ar an bpraiticiúil iad na Gearmáinigh.
Léirígh an mhiotas-eolaíocht go soiléar don chéad uair go mbaineann na gciníocha Gearmanacha agus Éireannacha an mheabhair chéanna as an saol agus go bhfuil chomhchosúlacht sa dearcadh atá acu ar luach ard-chultúir sa tsaol laethúil. Ina dhiaidh sin, léirigh an áit a bhain Cillian amach i stair na Gearmáine éabhlóid rathúil an dá chine sa Ré Críostaí.
De thairbhe tioncair na staire, tháinig laghdú ar an idirghabháil chultúrtha Ghael-Ghearmánach ar fad tamaill nár bheag. Anois, faoi ord nua an AE, tá an t-am dearg ann ár sean-chairdeas a athnuachan.