Breas the Beautiful 1977 © Jim Fitzpatrick
Ciallaíonn an téarma ’na Géanna Fiáine’ Éireannaigh a throid in airm éagsúla na hEorpa le linn na seachtó-, agus ní ba thábhachtaí, na hochtó aoise déag.
Tháinig an Cogadh Uilliamach chun críche i Mí Dheireadh Fómhair, 1691, nuair a síníodh Conradh Luimní. Faoi sin, ligeadh d’oifigigh Seacaibíteacha, nár thoil seirbhís do thabhairt d’Uilliam Oráisteach, dul saor go dtí an Fhrainc chun troid ar son Shéamiais bhriste II. Faoi 1692, thréig tuairim is 30,000 Éireannach a ndíl-tír, nach raibh inti ach geamoíche scrios agus réabadh, agus lean siad ceannairí na hUaisleachta Gaelaí agus a bhflaith dlisteanach, deoraí. Arís agus arís eile, thaispeán na Géanna Fiáine dílse gan locht do na ríthe Eorpacha a d’fháiltigh rompu. Ar pháirceanna an áir, bhain siad clú agus cáil amach i bhfad ní ba mhó ná a dhéanfadh aon dream eile dá méad.
Scríobh Impire Proinnsias Stiofán d’Impireacht Naofa na Róimhe, fear-chéile Mháire Treasa mar gheall ortha: “A mhéad Éireannach i seirbhís na hOstaire, sea is fearr; sa tslí seo coimeádfaidh ár gcuid trúpaí smacht ortha féin; anamh an cladhaire Éireannach agus an rud nach maith le hÉireannaigh, déanfaidh siad é de ghnáth ar son na glóire.“
Chuaigh na Géanna Fiáine i leith na gcomhluadar Eorpach. Diomaite den tseirbhís mhíleata, d’oibrigh siad ina gcuid gnótha féin, mar shampla, i bhfíonghortanna móra i gceantair tábhachta fíona, cosúil le Bordeaux. Inniu, is mór le rá lipéid cosúil le Château Kirwan, Pontac-Lynch, Marquie de MacMahon agus Hennessy. Cuid amháin de chomhluadar bainte óna fhréamh, na saighdiúirí Éireannacha. Cuid díofa d’ard-bhreith, d’oibrigh siad mar fhir chomhairle do ríthe agus do phrionsaí, mar ambasadóirí agus thaighleoirí. Tugadh ardmheas dóibh mar uaisleacht ar leith, a lean a rí ag deoraíacht. Bhunaigh Éireannaigh gnótha trádála i bportanna agus i gcathracha na hEorpa agus, chun chur le sin, shaothraigh siad mar bhancéirí chomh maith. Thoil dochtúirí Éireannacha céimeanna dochtúrachta ó oll-scoileanna mar Praha, Montpellier agus Lérida.
Fuair baill óga de na Géanna Fiáine oideachas i gcoláistí Éireannacha ar an Mór-roinn a bunaíodh in aimsir na bPéin-dlíthe. Tháinig a lán ceannairí de sheasamh ard san Eaglais Chaitliceach san Eoraip chun chinn ósna hinstitúidí oideachais seo – ar a n-áirítear séiplíneach pearsanta Louis XVI.
Cáiliúil ar mhaic na gcéad Géanna Fiáine, áirítear an Cunta Peadar de Lacy, Marascal, agus Cunta Maximilian Ulysses von Browne, Marascal. Thosaigh de Lacy a shaol mhíleata in arm na Fraince, ach chuaigh sé go seirbhís na Rúise ar chuireadh Pheadair Mhóir. Throid sé in arm na hOstaire chomh maith. Ghlac sé páirt i gChogadh Mhór a’ Tuaiscirt, i bhfeachtais i gcoinne na dTurcach agus i gCogadh Chomharbais na Pólainne. Ansin, bhí sé mar dhualgas aige a chinntiú go rachfadh Augustus III na Sacsaine i gcoróin. I rith an chogaidh seo, throid de Lacy ag Busawitza, áit ar bhuaigh sé ar 20,000 trúpaí Pólainneacha, gan aige ach 1,5000 dragúin, 80 husáir agus 500 Cosaic. Mar ábhar buíochais as sin, thug Augustus portráid de fhéin, le diomaint de luach 25,000 corónacha screamhaithe inti do de Lacy, taobh le Ridireacht in Ord Iolar Fhíréin na Pólainne.
Throid von Browne i gCogadh Chomharbais na Pólainne agus fuair seisean Ord an Iolair Fhíréin chomh maith. Bhain sé dea-chlú amach san Iodáil i rith Chogadh Chomharbais na hOstaire. Sa bhliain 1757, throid sé a chath dheiridh ag Praha. Le 60,000 saighdiúirí, chuaigh sé i gcoinne 114,000 saighdiúirí d’fhórsa Phrúiseach Fredric Mhóir. Bhuail caor ordanáis é agus, gan fháil aige ar leigheas, chuaigh sé in éag sa chathair imdhruidithe.
Fontenoy (Bealtaine, 1745) an gaisce a ba cháiliúla a bhí ag na Géanna Fiáine i rith Chogadh Chomharbais na hOstaire. D’éis don cheannaire Shasanach bheith ag troid gan stad gan stró ar feadh achair éigin, rinne sé ionsaí ar líne tosaigh na bhFrancach, le 16,000 trúpaí. Coimeádadh siar an Bhriogáid Éireannach ar feadh an chatha go nuice sin. Ag féachaint ar theacht ar aghaidh na Sasanach, céim i ndiaidh céime, shíl an Tiarna Clár agus ceannairí sinsearacha Éireannacha eile ar sheasamh urgharda a ghlacadh.
Le 3,800 trúpaí, thug Cunta de Lally-Tollendal (Tulach na Dála) an t-ordú: “Mairseálaigí i gcoinne naimhde na Fraince agus díbh féin, gan scaoileadh, go mbeidh pointí bhur gcuid beaignití curtha ina mbolg.“ [Mar de ghnáth san am sin san Eoraip, bhí oifigí na Briogáide Éireannaí den tuairim go mba mhímhúinte úsáid na ngunnaí - a bhí nua mar arm lámh-rialaithe.] Rith na Éireannaigh ag screadaíl gáir chatha in ard a nguth: “Cuimhnigí ar Luimneach agus feall na Sacsanach!“ Ag tacaíocht leo ag dul i dtreo an chatha, bhí ceol na bpíbeanna, na bhfífeanna, na ndrumaí a sheinn an port Stuartach ’an Curca bán’. Narbh fhíor-iontach an radharc úd, saighdiúirí Ceilteacha ar Mhór-roinn na hEorpa athuair!
Rinne na hÉireannaigh tréan-ionsaí ar an namhad, in ainneoin lamhaigh uafásaigh piléar. Leagadh dream nár bheag díobhtha. Bhí slí ann ansin dosna Francaigh dul chun tosaigh agus bua a fháil. B’é sin an chéad bua i gcoinne Sacsanach a fuair rí Francach ó am N Louis sa 13ú aois déag. Mhol Louis XV na hÉireannaigh agus thug sé bronntanais dóibh agus arduithe céime. Ascríobh oifigeach anaithnid Francach: “bhuaigh siad ar ’chuile rud a tháinig ina gcoinne, le fírinne fir ar nós Caesar féin iad, ní gnáth-fhir, pé rud a deirfeas tú, bhí an bua ag na hÉireannaigh orainn...“
Tá cur síos ar oifigigh agus saighdiúirí Éireannacha i ngach aon arm san Eoraip, nach beag, curtha san áireamh arm Napoli, Venéitse, na Prúise, na Sacsaine, na Babháire, Hesse, na Suailainne, na Pólainne, na Spáinna agus an Phortingéil. Do b’é an duine deireannach a thoil Ord Maria Theresa an Barún Gottfried von Bamfield na hOstaire, sár-phíolóta sa chéad Chogadh Domhanda. Tháinig a shean-athair, Tomás Bamfield, ó Chorcaigh. Maraíodh tuairm is 500,000 de na Géanna Fiáine ar son na Fraince i rith na mblianta 1700. Ní féidir a mheas an uimhir mhór a chuaigh in éag ar feadh na hEorpa le linn na mblianta 1700 agus 1800.
Tá bunadh na nGéanna Fiáine ina chónaí ar Mhór-roinn na hEorpa. Anseo i nÉirinn, tá daoine muinteartha le dream beag de na prionsaí deireanacha a tóghadh faoi chóras daonlathach na ndlíthe Breithimh a naithnítear a uaisleacht (tré chleas staire) in arm na Breataine amháin. Tá géar-ghá ann stair na nGéanna Fiáine a scrúdú go hacadúil: imirce thubaisteach thréanchomluadair chumasaigh óna dtír féin, ar son an chirt.